Níl aon cheist ach gur fhulaing na Yazidi san Iaráic agus an réigiún mórthimpeall uirthi nuair a rinne ISIS cinedhíothú orthu i 2014, a deir ball de Chór Mearfhreagartha na hÉireann a chaith seal in Mosul.

Tá aird tarraingthe ar an ngrúpa mionlaigh seo in Éirinn arís an tseachtain seo i ndiaidh don Éireannach Lisa Smith a chuaigh isteach ina ball d'ISIS a rá nach raibh a fhios aici cé atá ag insint na fírinne agus cé atá ag insint bréag ó thaobh na coimhlinte sin de.

Tá Angus Lambkin ar dualgas le Cór Mearfheagartha na hÉireann san Indinéis faoi láthair ach chaith sé seal san Iaráic i 2017. Chonaic sé féin an fhulaingt a bhí i gceist.

"Bhí an oiread sin fulaingthe i gceist sa réigiún" a deir Angus. "Is féidir an cheist a phlé, an amhlaidh gur fhulaing na Yazidi níos mó ná aon dream eile? Ach níl ann cheist ach gur fhulaing siad. Bhí sclábhaíocht i gceist agus éigniú agus caitheadh le lámh láidir leo."