Cuireadh iontas ar lánúin nua-phósta i gContae Luimnigh le deanaí nuair a fuaireadar teachtaireacht phearsanta ó Sheansailéir na Gearmáine Angela Merkel Lá a bPósta.

Bhí an fear a phós ar dhuine acu san a rinne dearadh ar bhrat cáiliúil le linn chraobh chomórtas sacair na hEorpa i 2012.

Le linn an chraobhchomórtais bhí lucht leanúna na poblachta sa Pholainn agus an tír fhéin ag iarraidh teacht as an gculú eacnamaíochta agus ciste tarrthála na hEorpa.

Ba le linn na gcluchí sin a taispeánadh brat leis an dteachtaireacht ''Angel Merkel thinks we're at work''

Scaip an scéal faoin magadh agus don ngrúpa fir ó Luimneach a rinne an brat go hidirnáisiunta.

Bhí Richie Touhy ar dhuine dos na fir agus phós Richie agus a chailín ón nGearmáin ó dhúchas le déanaí.

I ngan fhios dóibh bhí cuireadh tugtha ag athair na brídóige do Sheansailéir na Gearmáine Angel Merkel go dtí an bpósadh.

Cuireadh iontas ar an lanúin agus ar a gcairde ag an bpósadh nuair a nocht athair Orla pictiúr sínithe agus teachtaireacht phearsanta go dtí an lanúin ón Seansailéir.

 Dúirt Orlagh Eichholz nach raibh fhios aici faic faoin gcuireadh nó an litir.

Dúirt sí go raibh iontas ar a raibh i láthair ag an mbainis faoin bpictiúr sínithe ón Seansailéir agus an teachtaireacht uaithi. Dúirt Orla agus Richie go rabhadar ana bhuíoch as an dteachtaireacht deas a chuir an Seansailéir chuchu ag guí gach rath orthu agus ag gabháil leathscéala ná raibh sí in ann a bheith i láthair ag an bpósadh.