Tá ordú ceadaithe ag an Ard Chúirt achomharc a chur siar de bharr nach bhfuil an reachtaíocht chuí a bhaineann leis an gcás cúirte sin, le fáil go fóill i nGaeilge.

Cheadaigh an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh an t-ordú do Dhiarmuid Ó Cadhla atá ag déanamh achomhairc i gcoinne na rátaí atá á ngearradh ag Comhairle Cathrach Chorcaí ar an Ionad Pobail ina bhfuil sé lonnaithe.

Tá an tUasal Ó Cadhla ag iarraidh go n-éistfí a chás i nGaeilge os comhair an Bhinse Luachála ach níl an tAcht Luachála aistrithe go Gaeilge fós

Dhein an tUasal Ó Cadhla iarratas chun na hArd-Chúirte chun an cás achomhairc a chur siar go dtí go mbeidh an reachtaíocht le fáil as Gaeilge agus tháinig sé os comhair an Bhreithimh Úna Ní Raifeartaigh Dé Luain seo caite. Cheadaigh an Breitheamh an t-ordú.

De réir na hArd-Chúirte caithfear reachtaíocht a aistriú go Gaeilge laistigh de thréimhse ama 'réasúnta'. Achtaíodh an tAcht Luachála ocht mbliana déag ó shin.

Tiocfaidh an cheist os comhair na hArd-Chúirte arís ar an 10ú lá de Dheireadh Fómhair, chun féachaint ar mar a sheasann ceist an aistriúcháin.