Tá iarrtha ag Ambasadóir na hIaráine chun na hÉireann ar Rialtas na hÉireann idirghabháil a dhéanamh san achrann taidhleoireachta idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin.

Dúirt Masoud Eslami go bhféadfadh sé cur le hiarrachtaí na hÉireann suíochán a aimsiú ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Tá teannas ag méadú sa Mhurascaill agus an Iaráin ag séanadh líomhaintí gur scrios long chogaidh de chuid na Stát Aontaithe drón de chuid na hIaráine i gCaolas Hormuz. 

Dúirt Masoud Eslami go bhfuil an cháil ar Éireann agus neodracht ag an dtír chun tús a chur le tionscnamh taidhleoireachta in iarracht cabhrú chun an teannas sa réigiún a mhaolú.

Chuir na Stáit Aontaithe smachthbhannaí eacnamaíochta i bhfeidhm ar an Iaráin i ndiaidh don Iaráin tarraingt amach as margadh nuicléach suntasach anuraidh.