Tá rabhadh tugtha i dtuarascáil a rinne Coiste Parlaiminteach Rialtas na Breataine go gcuirfeadh Breatimeacht gan socrú isteach go mór ar iomaíocht i bpríomhearnálacha eacnamaíochta na tíre sin.

Thug siad foláireamh chomh maith go gcaillfí cuid mhaith postanna dá dtarlódh a léithéid.

I dTuaisceart Éireann, dúirt Comhlachas Miondíola an Tuaiscirt go bhfuil imní níos mó ná mar a bhí riamh anois gur faoi imeacht gan socrú atá beartaithe ag Boris Johnson má thoghtar é ina cheannaire nua ar an bPáirtí Caomhach Dé Máirt.

Labhair Coiste Parlaiminteach Westimster faoin mBreatimeacht leis na príomh-earnáileacha tionscail don tuarascáil is déanaí seo.

Feirmeoirí, déantóirí gluaisteán, cógaisíocht agus comhlachtaí atá ag brath ar rochtain chuig sonraí .

Dúirt na comhlachtaí go mbeadh áiteanna ar leith buailte go holc ag Breatimeacht gan socrú Oíche Shamhna léithéidí, tionscail an bhídh, deochanna, ceimiceáin agus déantúsaíocht.

Tá Comhlachas Miondíola Thuaisceart Éireann ar aon tuairim leis an gCoiste a dúirt nach féidir leis an mBreatain a bheith ag brath ar chuid áirithe den gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil a síníodh i 1947 agus a deir Boris Johnson a thabharfadh cosaint do eacnamaíocht na Breataine má fhágann siad an tAontas Eorpach.

Ag an dteorainn i gContae Lú ar maidin gheall Aire Eorpach na Fraince, Amélie de Montchalin, tacaíocht don stát seo maidir leis an mBreatimeacht. I gcuideachta an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee, dúirt an Francach nach bhféadfaí an socrú fán chúlstad a athrú agus nach mbéifí ag déanamh tuilleadh plé ar an gComhaontú Imeachta.