Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí maidir le timpiste bóthair a tharla ag An Cnocán, Baile Cloch, Mala, Contae Chorcaí inar maraíodh gluaisrothaí a bhí 19 bliain d'aois. 

Bhuail gluaisteán agus gluaisrothar faoina chéile timpeall ar 19:30 tráthnóna inné, Déardaoin an 18ú Iúil. 

Níor gortaíodh tiománaí an ghluaisteáin, fear sna seachtóidí. 

Tá na Gardaí ag impí ar aon tiománaí a bhí ag taisteal ar an mbóthar sin nuair a tharla an tionóisc teagmháil a dhéanamh leo ag Stáisiún na nGardaí i Mala ar 022 - 31450, nó le Líne Rúna an Gharda Síochána 1800 666 111, nó le stáisiún Gardaí ar bith.