Sáthadh agus maraíodh fear i gceantar na Trá Thuaidh i dTuaisceart Bhleá Cliath aréir. Sáthadh an fear a bhí 45 bliain d'aois go luath ar maidin inniu. 

Gortaíodh fear eile san eachtra chomh maith. Tá fear 45 bliain d'aois gafa ag Gardaí maidir lena bhfiosrúchán.
 

Tá cóir leighis á cur air siúd in Ospidéal Naomh Séamus sa chathair. 

Tá an fear a maraíodh aitheanta ag na Gardaí ach ní aimneofar é go dtí go mbeidh a chuid gaolta ar an eolas. 

Tharla an eachtra ag Cúirt an Chlinsigh nuair a bhris achrann amach i dteach timpeall ar a ceathar a chlog ar maidin. 

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag Gardaí agus tá siad ag impí ar aon duine le haon eolas teacht chun cinn.