Tá maoiniú súntasach bronnta ag Fondúireacht Michael J Fox, an t-aisteoir as Meiriceá, ar an Ionad Néar-eolaíochta in Ollscoil na hÉireann Gaillimh le leanacht leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ansiúd sa tóir ar leigheas a fháil ar an nGalar Parkinson.

12,000 duine in Éirinn, agus 8 milliún duine go domhanda meastar, atá buailte ag an aicíd agus cé nach bhfuil aon leigheas ar an ngalar fós tá dul chun cinn ar á dhéanamh ag lucht taighde na Gaillimhe.

300,000 dollar (267,000 Euro) atá bronnta ar an Dr. Eilís Dowd agus a foireann ag Fondúireacht Michael J Fox, an t-aisteoir clúiteach Meiriceánach atá ag fulaingt leis an ngalar ó 1991.

De réir an taighde nuálaíoch atá déanta faoi stiúir an Dr. Dowd, arbh as Carna i gConamara ó dhúchas í, bheadh tionchar níos fearr ar an inchinn dá n-úsáidfaí glóthach gaschealla.

Táthar ag súil go gcabhróidh an taighde as seo go ceann 2 bhliain sa bpróiseas trasphlandú cealla folláine san inchinnn.

Táthar dóchas go mb'fhéidir go mbeifí in ann fiú Galar Parkinson a chur ar gcúl.