Tá an ciontú a déanadh ar fhear as bean a éigniú tar éis di a dhul amú agus í amuigh san oíche i gcathair Bhaile Átha Cliath curtha ar neamhní.

Phléadáil Mohamed Okda, saoránach 33 bliain d'aois de chuid na hÉigipte, ach a bhí ina chónaí i gCo Laoise, neamhchiontach in 2 chúis faoin mbean a éigniú agus cúis amháin faoi ionsaí mígheanasach a dhéanamh in árasán sa bpríomhchathair an 9ú Feabhra 2014.

Fritheadh ciontach d’aon-ghuth é tar éis den ghiúiré an cás a éisteacht agus gearradh 11 bliain príosúin air, mí Deireadh Fómhair 2017.

Inniu a tháinig breithiúnas ón gCúirt Achomhairc ar an achomharc a rinne Mohamed Okda ar an gciontú.

Chinn an Chúirt nár thug an Breitheamh sa gcás, Michael Moriarty, stiúir mar is ceart don ghiúiré faoi thoimhde na neamhchiontachta.

Tá atriail ordaithe.