Tá Gardaí i mBaile Átha Cliath atá ag fiosrú bréag-bhróicéireacht agus camailéireacht árachais tar éis dhá ghunna bréige a ghabháil.

Baill ó Aonaid Fiosraithe Speisialta na nGardaí a bhí i mbun cuardaithe ag dhá láthair inné.

Ghabh siad ábhar eile fearacht fóin phóca, ríomhairí, ríomhairí glúine agus tiomántáin chrua chomh maith leis na gunnaí, - piostal bréige agus raidhfil ionsaithe bréige.

Tá na Gardaí freisin tar éis 3 chuntas bainc a reo.

Níl éinne gafa go fóill acu a deir siad agus tá an fiosrú fós ar bun.