Tá Institiúid Taighde Geilleagair Nevin (NERI) tar éis fainic a chur ar dhaoine go bhfuil geilleagar na tíre ar chiumhais ró-bhorradh.

Ach ar an lámh eile den scéal deir siad go bhfuil an geilleagar i mbaol de bharr Brexit.

I dTuairisc Ráithe an tSamhraidh atá foilsithe inniu ag an Institiúid, a bhfuil gaol gar acu le gluaiseacht na gceardchumann, meastar go dtiocfaidh borradh níos mó ná ceapadh i mbliana ar an ngeilleagar, ach Brexit bog a bheith ann.

4.6% d'ardú atá siad a thuar sa gcás sin.

3.3% d’ardú an tuar do 2020 agus 2.5-3% an bhliain dár gcionn.

Deir siad gur chóir go mbeadh 70,000 sa mbreis fostaithe i mbliana agus 45,000 sa mbreis an bhliain seo chugainn, a d’fhágfadh an ráta dífhostaíochta ag 4.3%

I gcás Brexit gan réireach i mí Dheireadh Fómhairdeir NERI gur beag tionchair a bheadh aige ar na figiúirí i mbliana, ach in 2020 agus 2021 bheadh laghdú suntasach bhorradh eacnamaíoch agus an chontúirt ann gur cúlú ar an ngeilleagar a tharlódh.