Tá faitíos ar Aondachtóirí go gcaillfeadh siad féiniúlacht agus talamh, agus go lorgódh Náisiúnaithe díoltas, sa gcás is go dtarlódh Éire aontaithe.

Sin é an t-eolas atá i dtaighde nua; suirbhé ar Aondachtóirí agus Dílseoirí, idir pholaiteoirí, chinnirí pobail, iar-shaighdiúirí agus an chléir.

Tá imní ina measc gur díothú ar a gcultúr, ionsaithe ar iar-chomhaltaí sna fórsaí slándála, talamh á gabháil ó fheirmeoirí Aondachtacha, agus cogaíocht tras-phobail, an toradh a bheadh ar aontú na tíre

Tá míshuaimhneas freisin le brath ó thaobh a dhul ar ais san Aontas Eorpach, ó thaobh an gheilleagair, agus ó thaobh laghdú ar chaiteachas ar chúram sláinte agus leasa shóisialaigh.

An Seanadóir Mark Daly, Fianna Fáil, a d'fhoilsigh an taighde "Unionist Concerns and Fears of a United Ireland: The need to Protect the Peace Process and Build a Vision for a Shared Island and a United People".

Lorg an Seanadóir Daly tuairimí i measc lucht ceannais Aondachtach le 18 mí anuas.

Tá ábhar ann ón Urramach Kyle Paisley, mac le Ian Paisley a bhíodh i gceannas ar an DUP; ó Trevor Ringland, a d’imir rugbaí le Éirinn; ó Mike Nesbitt, a bhíodh i gceannas ar an UUP; agus ó Norman Hamilton, iar-Mhodhnóir Preispitéireach.

I gcuideachta an tSeanadóra Daly bhí James Wilson, - a bhí ar dualgas le Arm na Breataine i dTuaisceart Éireann le linn na cogaíochta, - a thug faoin tsuirbhéireacht i measc an Ord Neamhspleách Oráisteach, lucht banna feadóg mhór, agus iar-shaighdiúirí.

Deir Mark Daly gur mhaith an chomhairle an méid a dúirt Séamus Mallon, iar-leas cheannasaí an SDLP, nach mór do Náisiúnaithe a bheith croíúil, flathúil más mian leo buntáistí Éire aontaithe a chur ina luí ar Aondachtóirí.