Tá 33 duine ar a laghad maraithe i gcathair Kyoto sa tSeapáin i dtine a ceaptar a lasadh go mailíseach i stiúideo scannáin bheochana.

Tuairiscítear go bhfuil daoine eile gortaithe agus faoi chóir leighis san ospidéal.

Agus tá faitíos ar údaráis na cathrach go bhfuil daoine eile nach bhfuil faighte fós básaithe sa tubaiste.

Tá fear atá 41 bliain d'aois gafa ag na póilíní. Deir an craoltóir poiblí NHK gur facthas é ag dóirteadh breosla ar fud an fhoirgnimh.

Gortaíodh san loscadh é agus tá seisean freisin san ospidéal.

Níor cheistigh póilíní go fóill é ach deirtear go raibh sé ag screadaíl "An bás uilig oraibh!" agus é ag lasadh na tine.

I stiúideonna Anamúlacht Kyoto a léirítear an tsraith "Sound! Euphonium", agus tá siad ceaptha an scannán "Free! Road to the World - The Dream" a sheoladh roimh dheireadh na míosa.