De réir an tsuirbhé is déanaí atá déanta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tá suas le 12 feirmeoir in aghaidh na seachtaine ag éirí as tionscal na gcaorach.

In 2017 bhí 35,777 feirmeoir caorach sa tír.

Faoi faoi dheireadh 2018 bhí 1.7% de laghdú ar an líon sin, - 591 feirmeoir éirí as an gceird.

Ar shléibhte agus garraithe gar dá theach cónaithe ar an Sraith Salach atá caoirigh Bhreandáin Seoighe ó Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.

Deir Breandán gur cúis imní é nach bhfuil feirmeoirí anois in ann slí bheatha a dhéanamh de bharr an drochphraghas atá ar uaineoil sna monarchana.

Deir sé go bhfuil feirmeoirí ag tabhairt cúl don obair mar nach bhfuil aon chúnamh ar fáil dóibh ón Rialtas.

"Níl na praghasanna sách maith" a deir sé "le daoine óga a mhealladh isteach sa tionscal".

Ba cheart don Aire Talmhaíochta Michael Creed a t-airgead nár íocadh amach faoin Scéim Leasa Caorach a bheith curtha ar ais sa tionscal a deir Breandán. 

"Bhí 25 milliún geallta ag an Roinn don tionscal ach níor íocadh ach 19 milliún. Chabhródh an 6 mhilliún breise leis an bhfeirmeoir caorach agus choinneodh sé an chaorfheoil is fearr atá le fáil sa tír seo in áit é a easpórtáil".

Is i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh is mó atá an fheirmeoireacht caorach anois.

Tá laghdú mór tagthaí ar an gceird i mBaile Átha Cliath, i gCo an Chláir agus i Luimneach.