Tá 15 bliain príosúin, ach bliain amháin curtha ar fionraí, gearrtha ar fhear faoi thimpiste cairr inar maraíodh bean i gCo na Mí 3 bliana ó shin.

45 atá Michael Collins a bhí ina chónaí i bPáirc Fhinnéin i nDroichead Átha.

Ciontaíodh é as tiomáint chontúirteach a raibh bás Jillian Thornton, a bhí 20, mar thoradh air.

Dúirt a muintir go bhfuil an saol scriosta orthu.

Ar an N2, in aice le Baile an Rátha i gCo na Mí a tharla an tubaiste, an 27ú Bealtaine 2016.

Sa gcás cúirte éistíodh fianaise gur tharla an taisme tar éis do na Gardaí an carr a leanacht ar feadh 25 nóiméad as Droichead Átha go hOirthear na Mí.

Níor stad an carr Mitsubishi Colt a bhí á tiomáint ag Michael Collins tar éis do na Gardaí a dhul ina dhiaidh tar éis dó a dhul an bealach contráilte ar chompal.

Chuaigh an carr tré shoílse tráchta dearga agus ar an taobh chontráilte den bhóthar an fhad is a lean na Gardaí í.

Tugadh fianaise freisin go rian de druga cannabas ina cholainn ag Michael Collins.