Tá fear as Dún na nGall tar éis a bheith os comhair cúirte faoi ghlaochanna gutháin maslacha, gáirsiúla a dhéanamh ar chúigear Ban-Gharda.

Ag Cúirt Chuarda Leitir Ceanainn, phléadáil Mark Fair ciontach sa gcúis agus as cúisimh eile.

Tugadh le fios sa gcúirt go ndearna Mark Fair na glaochanna chuig Úna Cunningham, Lorraine Crawford, Carol Doherty, Elaine Moyles agus Gráinne McLoone, - cúigear Garda.

An 22ú Eanáir agus an 25ú Eanáir 2015 a déanadh na glaochanna chuid Stáisiún na nGardaí i mBun Cranncha.

Níor h-insíodh sa gcúirt céard go bailleach a dúradh sna glaochanna.

28 atá Mark Fair a bhfuil seoladh aige i mBaile na hAbhann, Fathain, Co Dhún na nGall.

Phléadáil sé ciontach chomh maith i mbagairt a dhéanamh an 10ú Eanáir 2015, go maródh sé an Garda Elaine Moyles agus a fear céile.

Phléadáil sé ciontach i ndamáiste a dhéanamh de theach cónaithe na beirte.

Chuir an Breitheamh John Aylmer siar faoi choinneáil Mark Fair go dtí seachtain ó inniu, nuair a ghearrfar pianbhreith air.