Deir muintir an fhir as Corcaigh atá á choinneáil ag údaráis inimirce i Meiriceá go bhfuil sé ráite leis go gcaithfidh sé an tír sin a fhágáil faoi Dé hAoine, nó gur príosún atá i ndán dó.

Gabhadh Keith Byrne, as Mainistir Fhear Maí, agus é ag du lag an obair i Philadelphia go moch ar maidin, seachtain is an lá inniu, agus tá faoi choinneáil ó shin.

Tá sé ráite ag a bhean chéile, Keren Byrne, go stróicfear a gclann as a chéile má dhíbrítear a fear.

Chuaigh Keith Byrne, atá 37 bliain d'aois, anonn go dtí na Stáit Aontaithe ar Víosa 90 lá in 2007. Sháraigh sé tréimhse ama an víosa. Dhá bhliain ina dhiaidh sin a phós sé.

An tseachtain seo caite a gheall an tUachtarán Trump feachtas géar i gcoinne daoine a thagann isteach sna Stáit Aontaithe gan cáipéisí inimirce.

Deir Keren Byrne go bhfuil 12 bliain acu ag dul tríd an phróiseas dlí le stádas Keith a chur ina cheart, ach go bhfuil diúltaithe níos mó ná uair amháin dóibh, mar gheall ar "mhion-taifead coiriúlachta a bhain le drugaí" in Éirinn.

De réir cháipéis cúirte i Meiriceá in 2015, diúltaíodh d'iarratas Keith Byrne ar Green Card mar gheall gur gabhadh faoi dhó in Éirinn faoi channabas a bheith ina sheilbh. Fíneáil a gearradh air an dá uair a rugas air.

Tá a bhean anois ag impí ar údarais in Éirinn a theacht i gcabhair orthu sula ruaigfear as Meiriceá é arú amárach.