Tá muinín fos ag Ryanair as eitleán an Boeing 737 MAX agus creideann an aerlíne go gcuirfidh custaiméirí fáilte mhór roimpi, a dúirt príomfheidhmeannach na haerlíne, Michael O'Leary inniu.

Tá bac eitilte ar an Boeing 737 MAX agus dá bharr b'éigean do Ryanair a chuid pleananna fáis don bhliain seo chugainn a chiorrú faoina leath. Mar sin fhéin, thug Michael O'Leary le fios do infheisteoirí go gcreideann sé gur táirge den scoth atá san eitleán agus go bhfuil muinín aige aisti.

Thug sé le fios go bhfuil sé i gceist ag Ryanair glacadh leis an 135 eitleán ar fad atá ordaithe ag an aerlíne as seo go ceann 5 bliana.

Thug Ryanair foláireamh níos luaithe go m'bhféidir go mbeadh air bunáiteanna ag aerfoirt a dhúnadh ó mí na Samhna go dtí an samhradh seo chugainn ó thárla go mbeadh rátaí fáis buailte ag an bhac eitilte.

Dúirt Ryanair go raibh sé i mbun cainteanna le aerfoirt faoina bunáiteanna a bheadh buailte agus go raibh sé le dul i gcomhairle leis an fhoireann agus le ceardchumainn faoina ciorruithe gearrthéarmacha.

Deir an aerlíne go bhfuil sé ag tuar go dtitfidh an ráta fáis i 2020 ó 7% go dtí 3% agus go dtitfidh an líon paisinéirí a bheas ag taisteal leis an chomhlacht ins an bhliain go dtí Márta 2021 ó 162 milliún go 157 milliún.

Tá súil ag an aerlíne go mbeidh an Boeing 737 MAX in ann dul i mbun seirbhíse arís roimh dheireadh na bliana agus go bhfaighfidh siad na chéad eitleáin nua atá ordaithe acu i mí Eanáir agus i mí Feabhra seo chugainn.