Tá sé ráite ag an duine atá ainmnithe le bheith ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, Ursula Von der Leyen, go mbeadh sí toilteanach síneadh ama eile a thabhairt don Bhreatain sula n-imeoidh siad as an Aontas Eorpach dá mbeadh "cúis mhaith" leis an moill.Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá an Bhreatain le himeacht as an Aontas Eorpach ar 31 Deireadh Fómhair.

Ag caint a bhí sí ag an am in Strasbourg as comhair Phairlimint na hEorpa. Tá vóta daingnithe le caitheamh anocht maidir lena huachtaránacht.

Bhí sé ina raic sa Phairlimint nuair a rinne sí a hóráid, agus na feisirí atá i bhfábhar an Bhreatimeachta ag déanamh scigmhagaidh futhú.

Dúirt sí gur cé go bhfuil áifeála ar an Eoraip faoi chinneadh na Breataine imeacht ón Aontas Eorpach, dúirt sí go raibh meas ar an gcinneadh fós féin. Agus go raibh an tAontas Eorpach ag obair go crua lena chinntiú go n-imeoidh an Bhreatain gan an iomarca clampair.

Dúirt sí gur faoin gComhaontú Aistarraingthe, go bhfuil cinnteacht ann maidir le síocháin agus seasmhacht ar oileán na hÉireann.

Beidh Ursula Von de Leyen ar an gcéad uachtarán ban riamh ar Choimisiún na hEorpa sa gcás go ndaingneofar a hainmniúchán anocht.

Chuir sí béim ina hóráid inniu freisin ar chúrsaí comhshaoil agus gheall sí go gcuirfeadh sí comhaontú nua maidir le hathrú aeráide ar Mhór-Roinn na hEorpa ar an gclár oibre taobh istigh dá céad 100 lá mar uachtarán.