Sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu gearradh 10 mbliana i bpríosún ar Declan Brady, bliain is leathchéad d'aois as Cill Droichid agus tugadh le fios gurb é a bhainistigh agusa reachtáil saoráid soláthair agus stórála arm do bhuíon coirpeach Kinahan .
Gearradh 7 mbliana go leith i bpríosún ar Phaul Beaty, fear dhá bhliain is tríocha d'aois as bheith ina ghunnadóir ag an bhuíon coirpeach canna.
'Mr Nobody' a tugadh ar Declan Brady as Mainistir San Ualstain i gCill Droichid i gCo. Chill Dara - Fear cothrom teaghlaigh a bhí ann de réir gach cosúlacht a bhíodh ag tiomáint leoraí, ach sa Chúirt Choiriúil Speisialta phléadáil sé ciontach i gcúiseanna a bhain le hairm tine.
Dúirt an Breitheamh Paul Coffey go raibh Brady ag tacú le coiriúlacht eagraithe den chinéal is tromchúisí.
Chuir sé an bhliain go leith deireannach den phianbhreith ar fionraí.
Ar an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir 2017 thug Gardaí atá ag fiosrú aighneas leanúnach idir buíonta Hutch agus Kinahan ruathar ar aonad tionsclaíoch i Ráth Cúil i gCo. Átha Cliath .
Tháinig oifigigh ón Bhiúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe ar 15 arm tine agus ar níos mó ná 4,000 urchar - ina measc 9 ngunnán , 4 phiostal leath-uathoibríoch ina measc, fo-mheaisínghunna den déanamh Ingram, raidfil ionsaithe VZ agus cúíg chartúslann do chinéalacha éagsúla piléar.
Bhí Declan Brady ar dhuine de cheathrar fear a gabhadh maidir leis an ghabháil seo agus tugadh le fios don chúirt go raibh Brady i gceannas ar an stór armlóin seo.
Tá triúr fear eile i bprosún cheana féin maidir leis an ghabháil chéanna .
Ba é Brady bhí ina bhainisteoir ar an aonad agus an té ba mhó ar choinnigh na Gardaí súil air. Bhí sé fostaithe ag baill de bhuíon Kinahan thar lear le bainistiú a dhéanamh ar an armlann in Éirinn.
Gnó lóistíochta mar dhea a bhí san aonad agus bhíodh siad ag cur in iúil go raibh gur cuid de chomhlacht iompair dlisteanach sa Ríocht Aontaithe a bhí ann.
I gCúirt Choiriúil Speisialta a hAon inniu fosta gearradh seacht mbliana go leith ar bhall eile de bhuíon Kinahan . Ghlac an chúirt leis gur ball lárnach agus iontaofa den ghréasán idirnáisiúnta coirpeach a bhí i Paul Beaty , atá bliain is tríocha d'aois .
Gabhadh eisean agus gunna lódáilte aige a bhí réidh le húsáid. Dúirt an breitheamh Tony Hunt gur éirigh leis na Gardaí dochar a bhí beartaithe ag Beatty a chosc .
Ochtar fear san iomlán atá ciontaíthe maidir le buíon Kinahan a bhí sa Chúirt inniu - ina measc Alan Wilson a phléadáil ciontach as comhcheilg dúnmharfa, na deartháireacha Glen agus Gary Thompson, a phléadáil ciontach as airm a bheith ina seilbh agus é ar intinn acu beatha a chur i mbaol agus deartháir Declan Brady , Michael a ciontaíodh as luach milliún euro de dhrugaí a bheith ina sheilbh.
Tá pianbhreith le gearradh ar sheisear de na fir amach anseo.