Tá sé ráite ag Breitheamh Ard-Chúirte go bhfuil roinnt daoine sa tír seo a chaitheann dímheas nach mbeadh súil leis ar phobal mionlaigh na Gaeilge. Daoine iad seo, a dúirt sí, a léiríonn an-mheas ar chearta mionlaigh eile de ghnáth. 

Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go bhfuil caidreamh "áirithe agus casta" ag daoine sa tír seo leis an nGaeilge. Mhaígh sí go bhfuil roinnt daoine an-tugtha don Ghaeilge, go bhfuil daoine eile ann nach bhfuil aon tsuim acu sa teanga agus go bhfuil daoine eile fós naimhdeach ina leith. 

Bhí an méid seo le rá ag an mBreitheamh Ní Raifeartaigh sa bhreithiúnas a thug sí - agus a foilsíodh an tseachtain seo - i gcás a bhí tugtha ag fear as Corcaigh a d'iarr go n-éistfí cás coiriúil ina aghaidh i nGaeilge. Mhaígh sé go raibh an ceart sin aige faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

Tá Diarmaid Ó Cadhla le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Chorcaí faoi loitiméireacht a dhéanamh ar chomharthaí sráide atá ainmnithe i ndiaidh na Banríona Victoria sa chathair sin. 

Trí seachtaine ó shin, dhearbhaigh an Breitheamh Ní Raifteartaigh san Ard-Chúirt go gcaithfeadh an Stát gach céim phraiticiúil a ghlacadh le cinntiú go mbeadh breithiúna a raibh Gaeilge acu ar fáil le cásanna a éisteacht sna cúirteanna dúiche.

Dúirt sí cé go bhfuil a breithiúnas "nuálach" go mbeidh feidhm an-teoranta leis mar gurbh é nós an Stáit i gcaitheamh na mblianta go dtí seo breitheamh dátheangach a chur ar fáil sa líon beag cásanna inar iarradh a leithéid. 

Deirtear in Airteagal 8.1 de Bhunreacht na hÉireann ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh nach féidir a rá gur "iarsma seanda mianaidhmeach é Airteagal 8 den chultúr a bhí ann sa bhliain 1937" - go háirithe i bhfianaise na gcéimeanna a bhí glactha ag an Stát le deireanaí stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a ardú.

Dúirt sí go gceaptar go minic nach bhfuil daoine a éilíonn go n-éistfí a gcás i nGaeilge, nach bhfuil siad ach ag iarraidh bac a chur ar chúrsaí nó go bhfuil siad mí-ionraic. Maítear é seo, a dúirt sí, mar go nglactar leis go bhfuil Béarla acu agus nach bhfuil aon ghá a gcás a éisteacht i nGaeilge. 

Ina breithiúnas, áfach, dúirt sí gur "ceist cearta teanga atá ann seachas ceist faoi phróis chuí an dlí."