Tá achainí déanta ag na Gardaí arís ar an bpobal agus iad ag cuardach eolais faoi mharú mná as Baile Átha Cliath 32 bliain ó shin.

D'imigh Antoinette Smith, 27 bliain, gan tásc gan tuairisc tar éis di a bheith ag ceolchoirm David Bowie i 1987 agus fritheadh a corp sna sléibhte idir Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin naoi mí ina dhiaidh sin. Léirigh scrúdú iarbháis gur tachtadh í.

Dúirt a hiníon Rachel Smith go bhfuil sí den bharúil go raibh marú a máthar beartaithe roimh ré ag duine a raibh aithne aici air.

Tá na Gardaí i mBré ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo.