Tugadh fear agus bean atá geallta le chéile os comhair cúirte i gCo an Dúin inniu maidir le dúnmharú fir a bhfuarthas a chorp i loch ansin Dé Máirt seo caite.

Tá David Gill, 26 bliain d'aois, as an gComar i gCo an Dúin, cúisithe i ndúnmharú William McCormick a bhí 55 bliain d'aois. Phléadáil sé neamhchiontach. 

Chonacthas William McCormick, nó Pat mar a thugtaí air, go deireanach sa Chomar ar 30 Bealtaine.

Tá páirtí David Gill - Lesley-Ann Dodds, 21 bliain d'aois - cúisithe i gcuidiú leis an dúnmharú agus i mbac a chur ar riar na córa. Shéan sí go raibh aon bhaint aici leis an dúnmharú. 

Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil.