Adhlacadh i gCorcaigh inniu an cailín dhá bhliain d'aois, Santina Cawley, a bhásaigh sa chathair an tseachtain seo caite.

Fuarthas an cailín beag agus í gortaithe go dona in árasán i gceantar an Bhóithrín Mheánaigh i ndeisceart na cathrach ar maidin Dé hAoine seo caite, agus bhásaigh sí san ospidéal roinnt uaireanta an chloig ina dhiaidh sin.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí faoina bás. 

Ag an Aifreann éagnairce in Ardeaglais Naomh Muire agus Naomh Áine sa Seandún, dúirt an tAthair Oscar O'Leary gur lá uafásach tragóideach a bhí ann inniu. Séiplíneach an lucht siuil i gCorcaigh is ea an tAthair O'Leary. 

Santina Cawley

Dúirt sé gur "aingeal" í Santina - mar a bhí ráite ag a máthair Bridget - agus gur chuir a gáire agus an gliondar a bhíodh uirthi ríméad ar dhaoine timpeall uirthi.

Ghlac muintir Santina buíochas le daoine a bhailigh airgead ar a son chun cabhrú leo íoc as an tsochraid.

I ndiaidh an Aifrinn, cuireadh Santina i Reilig San Caitríona i gCill Chúile ó thuaidh den chathair.