Tá na scórtha míle ag glacadh páirt i bparáidí an Oird Oráistigh ar fud an Tuaiscirt inniu le Cath na Bóinne i 1690 a chomóradh. Tá na paráidí ar siúi in ocht n-áit déag inniu. 

Aréir, lasadh tinte cnámh ar fud an Tuaiscirt mar chuid den chomóradh bliantúil. Dúirt na póilíní nach raibh an oiread céanna trioblóide ag na tinte cnámh aréir agus a bhíonn go hiondúil. 

Tine chnámh na nOráisteach i mBéal Feirste aréir

Dúirt na póilíní freisin gur de bharr nach bhfuil aon chreat dlíthiúil ann nach raibh siad ábalta stop a chur le tine chnámh chonspóideach in oirthear Bhéal Feirste. 

Vótáil comhairleoirí cathrach gan an tine chnámh ag ionad fóillíochta a cheadú. Chuir dílseoirí in aghaidh an chinnidh sin agus lasadh í aréir beag beann ar mhian na gcomhairleoirí. Is leis an gComhairle Cathrach an talamh a  raibh an tine chnámh suite air.