Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an eagraíocht ar an eolas cúig mhí ó shin - i mí Feabhra - faoin bhfabht teicniúil arbh é faoi deara na moille ar thorthaí scagthástálacha ceirbheacs a rinneadh ar 800 bean le beagnach bliain.

Tháinig sé chun solais inné nár cuireadh torthaí na dtástálacha ar fáil mar gheall ar fhabht ríomhaireachta i saotharlann Quest Diagnostics i Virginia sna Stáit Aontaithe.

Tarraingíodh aird ar an bhfadhb tar éis do dhuine de na mná imní a léiriú faoin moill a bhí ar thoradh na tástála a cuireadh uirthi féin. 

Inniu, dúirt Peter McKenna ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cé go raibh an eagraíocht ar an eolas faoin moill a bhí ar na torthaí chomh fada siar le mí Feabhra, gur cheap siad go raibh Quest Diagnostics ag seachadadh na dtorthaí de láimh chuig dochtúirí teaghlaigh na mban.

Níor thuig an Fheidhmeannacht go dtí tús na míosa seo nach raibh an tsaotharlann ag scríobh chuig na dochtúirí, a dúirt sé. 

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur údar struis, míshuaimhnis agus imní do mhná an scéal seo agus chuir sé fáilte roimh an leithscéal a ghabh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leo.

Tá Cumann na nOthar ag iarraidh ar an Aire athbhreithniú neamhspleách a bhunú leis an scéal a fhiosrú. 

Meastar anois go bhfaighidh na mná ar fad atá i gceist torthaí na scagthástálacha as seo go ceann coicíse.