Níor thug dhá thrian de na tiománaithe a ciontaíodh le dhá bhliain go leith as an iomarca luais a dhéanamh a gceadúnais ar láimh agus d'fhéadfadh sé nár gearradh pointí pionóis orthu dá bharr sin, de réir figiúirí nua.

Tá na figiúirí curtha ar fáil ag an tSeirbhís Chúirteanna don Teachta Dála as Baile Átha Cliath, Tommy Broughan.

Thug an Teachta Broughan le fios gur 34% den dream a ciontaíodh le dhá bhliain go leith a thug a gceadúnais ar láimh do na húdarais.

Deir lucht sábháilteachta bóthair go gciallaíonn sé seo go bhfuil roinnt daoine a ciontaíodh níos mó ná uair amháin fós ag tiomáint cé gur cheart go mbeadh cuid acu curtha den bhóthar.