Tá sé faighte amach ag RTÉ nach bhfuair thart ar 800 bean torthaí na scagthástálacha ceirbheacs a cuireadh orthu mar gheall ar fhabht ríomhaireachta i saotharlann sna Stáit Aontaithe. 

I roinnt cásanna, bhí moill naoi mí ann sular cuireadh na torthaí ar fáil. 

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an-aiféala ar an eagraíocht faoin mearbhall agus faoin imní mhór a d'fhéadfadh sé a chuir an mhoill seo ar chuid de na mná. 

Cuireadh na scagthástálacha ceirbheacs ar na mná idir 1 Meán Fómhair 2018 agus 25 Meitheamh i mbliana. An dara tástáil don phapalómaivíreas daonna a bhí i gceist den chuid is mó. 

Fabht i gcóras ríomhaireachta na saotharlainne Quest Diagnostics i Chantilly, Virginia sna Stáit Aontaithe ba chúis leis an moill.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil cáilíocht dhearbhaithe ag an tsaotharlann sin.

Deir an eagraíocht go bhfuil an córas ríomhaireachta sa tsaotharlann á nuashonrú anois agus go bhfuil torthaí scagthástálacha á seachadadh de láimh do dhochtúirí teaghlaigh idir an dá linn. 

Tháinig an fhadhb chun cinn le deireanaí tar éis do dhuine de na mná imní a léiriú faoin moill a bhí ar thoradh na tástála a cuireadh uirthi féin.