Tá an tUachtarán Michael D Higgins, an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin i measc na bpolaiteoirí a bhfuil bás Noel Whelan cásaithe acu lena chomhluadar.

Bhásaigh an t-abhcóide agus an tráchtaire polaitíochta Noel Whelan trathnóna inné. 50 bliain d'aois a bhí sé.

B'as Co Loch Garman ó dhúchas é Noel Whelan. Comhairleoir polaitiúil d'Fhianna Fail a bhí ann agus sheas sé don pháirtí sin in olltoghchán na bliana 1997 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir-Theas.

Bhí sé an-ghníomhach sna feachtais leis an Seanad a choinneáil, le ginmhilleadh a cheadú agus le haitheantas a thabhairt don phósadh comhghnéis.

Maireann a bhean chéile Sinéad agus a mhac Séamus.