Tá sé socraithe ag comhairleoirí cathrach i mBéal Feirste nach leanfar d'iarrachtaí tine chnámh ag ionad fóillíochta in oirthear na cathrach a bhaint anuas. Is leis an gComhairle Cathrach an talamh a bhfuil an tine chnámh suite air.

Dúirt duine de na comhairleoirí, Michael Long ó pháirtí an Alliance, gur mó dochar ná maitheas a dhéanfadh sé iarrachtaí a dhéanamh ábhar ón tine chnámh a thabhairt chun bealaigh mar a bhí beartaithe. 

Tá sé ráite ag na póilíní go bhfuil baint ag paraimíleataigh dhílseacha an UVF le himeachtaí ansin agus go bhféadfadh go mbeadh foréigean fíochmhar ann dá ndéanfaí aon iarracht an tine chnámh a bhaint anuas. 

Dúirt Michael Long go gcaithfear an baol sin a chur san áireamh. Dúirt sé ina dhiaidh sin féin go gcaithfidh áisíneachtaí reachtúla eile seachas Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a gcuid a dhéanamh freisin. 

Dúirt sé go raibh an-díomá air nach bhféadfaí cinneadh a rinne an Chomhairle Cathrach go daonlathach an tine chnámh a bhaint anuas a chur i bhfeidhm. 

An tine chnámh ag ionad fóillíochta in oirthear Bhéal Feirste

Níos túisce inniu, thug an Chomhairle Cathrach Bhéal treoir do dhaoine imeacht ó láthair na tine cnámh.

Ag 5 a chlog ar maidin, léigh ionadaí ón gcomhairle an treoir imeachta don dream a bhí bailithe ansin. 

Táthar leis an tine a lasadh ansin anocht. Lasfaidh dílseoirí tinte cnámh ar fud an Tuaiscirt anocht agus bua na nOráisteach ag Cath na Bóinne i 1690 á chomóradh acu.