Tá tús curtha ó mhaidin ag altraí síciatracha le gníomhaíocht thionsclaíoch a chuirfeas cosc ar ragobair.

Ní bhaineann an toirmeasc le seirbhísí meabhairshláinte do pháistí. 

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go ndéanfaidh an ghníomhaíocht an-dochar do na seirbhísí meabhairshláinte ar fud na tíre.

Deir an Cumann Altraí Síciatracha nach ndéanfaidh siad aon ragobair ó 7 a chlog ar maidin inniu mar gheall ar an laghad dul chun cinn atá déanta, dar leo, sna cainteanna eadrána leis an bhFeidhmeannacht ó mhí Feabhra seo caite.