Tá an fear grinn aitheanta as Baile Átha Cliath Brendan Grace tar éis bháis. Bhí sé 68 bliain d'aois. 

Bhí sé ag fulaingt le hailse le tamall agus ghlac a theaghlach buíochas le gach duine a chuir teachtaireachtaí dea-mhéine chuige nuair a tháinig sé chun solais nach raibh sé ar fónamh.

Thosaigh Brendan Grace amach mar amhránaí ach chuaigh sé i dtreo an ghrinn ní ba dheireanaí ina shaol gairmiúil.

Bhásaigh sé go moch ar maidin in ospidéal. Maireann a bhean chéile Eileen, a gclann agus a ngarchlann.

Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag an Uachtarán Michael D Higgins le muintir Grace.