Níl ach 84 post as an 20,000 duine atá fostaithe ag ranna rialtais aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo, a deirtear i dtuarascáil nua ón gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.
Sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá 67 de na poist sin, a deirtear i dtuarascáil faireacháin atá foilsithe ag an gCoimisinéir inniu.
Tugtar cuntas sa tuarascáil faireacháin ar thorthaí iniúchtaí éagsúla a chríochnaigh Oifig an Choimisinéara sa bhliain 2018.
Chomh maith leis na ranna rialtais, rinneadh iniúchtaí ar chuid de sholáthar digiteach dheich n-údarás áitiúla.
Fuarthas amach nach raibh ach dhá údarás áitiúla as na deich gcinn a scrúdaíodh ag comhlíonadh na ngealltanas teanga a bhí tugtha acu maidir lena suímh idirlín. B'in iad Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Rinne Oifig an Choimisinéara iniúchtaí freisin ar an gcomharthaíocht ag deich láthair oidhreachta i mBaile Átha Cliath atá faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí.
Fuarthas amach go raibh beagnach 60% de na comharthaí a scrúdaíodh ag cloí leis na rialacháin.
Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin ab fhearr ó thaobh na gcomharthaí de, áit a raibh 89% díobh ag cloí leis na rialacháin. Garraithe Náisiúnta na Lus ba mheasa, áfach, áit nach raibh ach ceann as gach deich gcomhartha ag teacht leo.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill nach gcothaíonn na figiúirí seo aon mhuinín go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag ranna rialtais maidir le foireann le Gaeilge a fhostú. Mhaígh sé nach féidir a bheith ag súil le "réimse cuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla."
Mhol an Coimisinéir arís dul i ngleic leis seo trí leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar pholasaithe earcaíochta an Stáit.
Dúirt Conradh na Gaeilge go bhfuil sé scanrúil go bhfuil a laghad sin post sa státchóras do dhaoine le Gaeilge. Tá an eagraíocht ag iarraidh ar an Rialtas "an Bille Teanga a fhoilsiú roimh dheireadh na míosa, mar a gheall an Taoiseach don Dáil ar 1 Iúil, le dul i ngleic leis na fadhbanna seo."