Tá sé geallta ag Ursula von der Leyen, atá ainmnithe le bheith ina hUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, go dtabharfar gach cosaint don chúlstad le cinntiú nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn.

Dúirt Ursula von der Leyen freisin go raibh an comhaontú a rinne Príomh-Aire na Breataine Theresa May faoi imeacht na tíre as an Aontas Eorpach "go maith" ach go raibh súil aici fós go bhfanfadh an Bhreatain san Aontas. 

Agus tá staidreamh foilsithe ag an státseirbhís sa Tuaisceart a thugann le fios go mbeidh 40,000 post i mbaol ansin má dhealaíonn an Bhreatain ón Aontas gan mhargadh. Deir lucht miondíola sa Tuaisceart nach raibh aon bhagairt chomh mór riamh ann ó aimsir na dTrioblóidí.

Tá foláireamh tugtha ag an Taoiseach Leo Varadkar chomh maith faoin mbaol atá ann don gheilleagar faoin tuath má fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach gan mhargadh.