Tá sé séanta ag iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Róibín go bhfuil sí mór le Rialtas Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. 

Ceistíodh an t-iarUachtarán faoin gcaidreamh atá aici le teaghlach ríoga Dubai i bhfianaise an scéala go bhfuil duine de mhná céile cheannasaí na héimíríochta sin tar éis teitheadh.

Tuigtear go bhfuil an Banphrionsa Haya i Sasana anois agus go bhfuil tearmann á lorg aici ansin. 

Dúirt Máire Mhic Róibín nach raibh sí mór riamh ach le duine amháin i nDubai - an Banphrionsa Haya - agus go bhfuil sí mór léi i gcónaí. 

Anuraidh, rinne leasiníon an Bhanphrionsa Haya - an Banphrionsa Latifa - iarracht teitheadh ó Dubai ach rugadh uirthi agus tugadh ar ais ann í. 

An Banphrionsa Haya

Ag tús na bliana seo, chuaigh Máire Mhic Róibín go Dubai tar éis don Bhanphrionsa Haya iarraidh uirthi teacht ar cuairt chuici féin agus chuig an mBanphrionsa Latifa. 

Dúirt an t-iarUachtarán i ndiaidh na cuairte sin gur "bean óg ghoilliúnach" ab ea Latifa. Cháin eagraíochtaí cearta daonna í faoin ráiteas sin, áfach.

An Banphrionsa Latifa agus Máire Mhic Róibín i mí Eanáir seo caite

Inniu, dúirt Máire Mhic Róibín gur rud príobháideach é an tuairisc faoi theitheadh an Bhanphrionsa Haya agus nach raibh tada eile le rá aici faoi.

Iníon le Rí Hussein na hIordáine, nach maireann, í Haya. Leathdheirfiúr leis an Ri Abdullah í. 

Tá sí pósta le ceannasaí Dubai an Síc Mohammed Al Maktoum le cúig bliana déag. Leas-Uachtarán agus Príomh-Aire Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha atá ann freisin.