Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna polasaí faoi luathoideachas Gaeltachta agus Gaeilge a aontú agus a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, dar leis an gComhchoiste Oireachtais ar Chúrsaí Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. 

Sheol an comhchoiste tuarascáil inniu ar na dúshláin a bhaineann le hionaid chúraim leanaí lánGhaeilge a reáchtáil i gceantair Ghaeltachta.

Faoi láthair, tá 127 ionad oideachais ag glacadh páirte sa Chlár um Chúram agus Oideachas Luath-Óige i limistéir Ghaeltachta. Feidhmíonn 59 díobh siúd trí Ghaeilge agus faigheann siad tacaíocht ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.

Ar an drochuair, áfach, níl aon sainmhíniú ar an bhfocal "naíonra" i gcomhthéacs oideachas Gaeltachta. Níl aon choinníollacha teanga ar leith ag baint leis an gcoincheap.

Ta dúshláin eile san earnáil freisin agus déantar cur síos orthu sa tuarascáil a seoladh inniu. Tá 25 moladh déanta féachaint leis na dúshláin a shárú.

Is í an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly cathaoirleach an chomhchoiste agus dúirt sí go go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann leis na hoibrithe cuí a earcú.

"Níl aon chúrsa oiliúna ar fáil as Gaeilge atá dírithe ar dhaoine ar mian leo an obair seo a dhéanamh. Chomh maith leis sin, bíonn deacrachtaí ó thaobh oibrithe a choinneáil mar ní fheictear dóibh go bhfuil deiseanna forbartha pearsanta acu."

Moltar sa tuarascáil dul i ngleic leis na deacrachtaí sin.

Moltar inti freisin rannóg ar leith taobh istigh den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a bhunú a mbeadh sé mar chúram ar na hoifigigh inti seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí eile a sholáthraíonn seirbhísí luathbhlianta eile i nGaeilge.

Moltar chomh maith go mbeadh cóimheas níos ísle i bhfeidhm sna hionaid luathoideachais a fheidhmíonn i nGaeilge ná mar atá i bhfeidhm sna hionaid luathoideachais a fheidhmíonn i mBéarla.

Cáintear sa tuarascáil freisin gur i mBéarla a dhéantar cigireacht san earnáil Ghaeilge.

Máirín Ní Chonghaile

Is í Máirín Ní Chonghaile bainisteoir Naíolann na nOileán i gConamara. Tuigeann sí go bhfuil dúshláin ar leith ag baint le luathoideachas a sholáthar as Gaeilge. Ach, a deir sí, tá fadhbanna i gceist san earnáil trí chéile, fadhbanna a bhfuil gach oibrí san earnáil thíos leo.

"Is é an pá íseal an phríomhdhúshlán atá ann", a deir sí. "Is oibrithe gairmiúla muid agus cén fáth nach gcaitear linn mar oibrithe gairmiúla? Chomh maith leis sin, níl muid ar scála pá. Níl féidir linn dul chun cinn a dhéanamh. Agus ní féidir le hoibrithe san earnáil seo a bheith cinnte go leanfar den mhaoiniú atá á fháil ag pé dream a bhfuil siad ag obair dóibh."