Tá sé curtha i leith Bhoris Johnson ag a chéile comhraic le post na ceannaireachta a fháil sa bPáirtí Caomhach, Jeremy Hunt gur cladhaire é agus é ag iarraidh iniúchadh poiblí a sheachaint.

In alt i nuachtán an Times, dúirt sé nar mhór don chéad Phríomh-Aire eile a bheidh ar an tír, a chuid aragóintí bheith déanta go poiblí sula bhfaighfeadh sé an post.

Dúirt sé, áfach nach bhfuil aon bhaint ag saol príobháideach Bhoris Johnson le toghchán na ceannaireachta.

Bhi sé ag tagairt do thuairiscí go raibh se fhéin agus an bhean a bhfuil sé mór léi, Carrie Symonds in árthach a chéile san árásán atá acu i Londain ag an deireadh seachtaine.

Carrie Symonds a chualthas ag béicíl go feargach le Boris Johnson ina n-árasán moch maidin Dé hAoine. 


Dúirt Boris Johnson go bhfuil sé ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach, roimh Oíche Shamhna.