Tá Meiriceá le tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Iaráin inniu. Tá teannas idir an dá thír ó déanadh ionsaí ar 2 bhád mhóra ola i Murascaill Óman le gairid - ionsaí a bhfuil Meiriceá ag cur an mhilleáin faoi ar an Iaráin agus rud atá séanta acusan.

Dúirt Aire Eolais na hIaráine, Abbas Mousavi  gur chlis ionsaí a thriáil Meiriceá a dhéanamh ar chóras stiúrtha diúracán an tíre.

Smionagar den dordán Meiriceánach a thug an Iaráin go talamh an tseachtain seo caite


Dúirt an Iaráin Déardaoin seo caite gur thug siad dordan Meiriceánach anuas, mar go ndeacaigh sé isteach in aerspás na tíre.

Gníomh páistiúil a bhí anseo, a dúirt Rúnaí Stáit Mheiriceá, Mike Pompeo atá ag dul go dtí an Aráib Shádach agus go dtí Aontas na nÉimiríochtaí Arabacha an tseachtain seo do chruinnithe le h-údaráis na hIaráine.