Tá a mbris á chású le muintir an chomhairleora Manus Kelly a maraíodh i dtimpiste ag Railí Idirnáisiúnta Dhún an nGall inné.

Toghadh é mar chomhairleoir contae i gceantar bardais Leitir Ceainainn d'Fhianna Fáil an mhí seo caite.

Dúirt an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin gur ambasadóir iontach do Mhótar Spóirt Éireann a bhí in Manus Kelly.

Ag labhairt dó ar raidió RTÉ, dúirt an TD Pat The Cope Gallagher gur mhór an chaillteanas é Manus Kelly dá chlann, dá chairde, do ghairm na polaitíochta agus do lucht gnó Dhún na nGall.

Bhí todhchaí maith sa pholatíocht nach raibh ach ina thús aige a dúirt ceannaire FF, Michéal Martin agus dúirt Pádraic Mac Lochlainn, gur gur buille tubaisteach a bhí ina bhás.

Maraíodh Manus Kelly le linn an dara staid ar cheann Fhánaide de Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall inne nuair a d'fhag a ghluaisteán an bóthar agus d'iompaigh bun os cionn cúpla h-uair. Tá cóir leighis á chur ar a chomh-thiománaí, Dónal Barrett in Ospidéal Leitir Ceanainn do mhionghortaithe.