Tháinig muintir Ghaeltacht Mhúscaí le chéile inniu le slán a fhágáil ag Príomhoide Scoil Náisiúnta Chúil Aodha Cathal Ó Riada atá ag dul ar scor théis sé bliana déag.

Sé Cathal Ó Riada an chéad phríomhoide bunscoile a dúirt go poiblí go raibh sé aerach - agus chaith sé seal freisin ina chathaoirleach ar choiste bunaí an LGBTQ i gCumann Múinteoirí Éireann. 

Tháinig muintir Ghaeltacht Mhúscraí le chéile ar maidin i Scoil Náisiúnta Chúil Aodha chun cheiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an Mháistir Scoile Cathal Ó Ríada atá ag dul ar scor tar éis sé bliana déag. 

Tháinig an Máistir Ó Ríada anseo i 2003 agus ba léir ar maidin an t-ardmheas atá air i measc an phobail. 

Bhí ról lárnach ag an Uasal Ó Ríada i dtaobh cearta daoine aeracha nuair a bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste LGBTQ Chumann Múinteoirí Éireann.