Deir aturnae go bhfuil breithiúnas na hard-cúirte i leith na Gaeilge inné, ar an mbreithiúnas is tábhachtaí a bhaineann le stádas na Gaeilge sa gcóras cúirte le breis is 30 bliain anuas. Rialaigh an Ard-Chúirt go gcaithfidh an Stát gach céim phraiticiúil a ghlacadh lena chinntiú go mbeidh Breithimh a bhfuil Gaeilge acu ar fáil le cásanna a éisteacht sna cúirteanna dúiche.   

Deir an t-aturnae Antain Delap go bhfuil dualgas ar an Roinn Dlí agus Cirt feidhmiú ar an mbreithiúnas seo anois. De réir Acht na gCúirteanna 1926 caithfear Breitheamh le Gaeilge a cheapadh in aon limistear ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann.

Ach nuair a tugadh ailtire as Béal Féirste os comhair na cúirte dúiche ar an mBun Beag i nGaobh Dóbhair i nGaeltacht Dhún na nGall i lár na seachtóidí, ní raibh na Breithiúna a d'éist a chás in ann feidhmiú gan cabhair ateangaire.

Cuireadh i leith Thomás Uí Mhonacháin nach raibh aon chead pleanála aige le haghaidh teach soghluaiste a bhí pairceáilte aige i nGaoth Dóbhair.

Gearradh fíneáil air ach dhiúltaigh sé é a íoc, mar go raibh na breithúna ag sárú an Achta, dar leis. Cuireadh go Priosún Mhuinseo é nuair a dhiúlaigh sé an fhíneáil a íoc. Thug sé cás Ard-Chúirte ag iarraidh go gcomhlíonfaí Acht na gCúirteanna.

Theip ar a chás agus rinne sé achomharc chuig an gCúirt Uachtarách agus theip ar a dhúshlán sa gCúirt Uachtarách.

Ba chás stairiúil chearta teanga a bhí ann ag an am. Deir Tomás Ó Monacháin go bhfuil súil aige nách ndéanfaidh an Stát iarracht débhrí a bhaint as an mBreithiúnas gur gá don Stáit gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír.

Céim mhór chun tosaigh atá sa mbreithiúnas dar le aturnae amháin, a deir go bhfuil dualgas ar an Roinn Dlí agus Cirt anois feidhmiú ar an mbreithiúnas.

Deir an aturane Antoin Delap go mba cheart go mbeadh impleacht thar na bearta ag éirí as an mbreithiúnas, agus go bhfuil dualgas measartha tromchúiseach ar an Stát céimeanna dearfacha a ghlacadh lena chinntiú go mbeidh Gaeilge líofa ag Breithimh ar fáil le cásanna a éiteacht sna cúirteanna dúiche. 

Rialaigh an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt inné gur gá don Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír, mar gheall ar iarratas a bhí déanta ag fear as Corcaigh, Diarmaid Ó Cadhla, atá le tabhairt os comhair na Cúirte Dúiche sa chathair sin faoi loitiméireacht a dhéanamh ar chomharthaí sráide atá ainmnithe i ndiaidh na Banríona Victoria. 

Táthar ag súil go bhfoilseofar an leagan oifigiúil scríofa de chinneadh an Bhreithimh Úna Ní Raifeartaigh roimh dheireadh na míosa. Ní fios go fóill an bhfuil sé i gceist ag an Stát achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.