Fuathas lear mór den druga cannabas luibhe in iarthar Bhaile Átha Cliath inniu. Áirítear luach €1.96 milliún a bheith sa channabas. 

98 cileagram de channabas a bhí sa lear a fuair oifigigh chustaim in dhá chliathbhosca ag aonad tionsclaíoch i gCluain Dolcáin. 

Ghabh na Gardaí triúr fear atá 57, 49 agus 32 bliain d'aois ar an láthair agus tá siad á gcoinneáil i stáisiúin Ghardaí Chluain Dolcáin agus Bhaile Formaid.

De bharr eolais a thug na Gardaí do na póilíní ó thuaidh, fuair siadsan luach €35,000 de chócaon agus ghabh siad bean. Níor dúradh cén áit sa Tuaisceart a bhfuarthas an cócaon.