Dhearbhaigh an Ard-Chúirt go gcaithfidh an Stát gach céim phraiticiúil a ghlacadh le cinntiú go mbeidh breithiúna a bhfuil Gaeilge acu ar fáil le cásanna a éisteacht sna cúirteanna dúiche. 

Thug an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh an breithiúnas seo mar gheall ar iarratas a bhí déanta ag fear as Corcaigh, Diarmaid Ó Cadhla, atá le tabhairt os comhair na Cúirte Dúiche sa chathair sin faoi loitiméireacht a dhéanamh ar chomharthaí sráide atá ainmnithe i ndiaidh na Banríona Victoria. 

Sular cuireadh tús leis an gcás coiriúil ina aghaidh, áfach, d'iarr Diarmaid Ó Cadhla go n-éistfí é i nGaeilge. Mhaígh sé go raibh an ceart sin aige faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

Tá sé curtha i leith Dhiarmaid Uí Chadhla, as Baile an Teampaill i gCorcaigh, go ndearna sé damáiste coiriúil do chomharthaí sráide ar Bhóthar Victoria, ar Shráid Victoria agus ag Crois Victoria i gCorcaigh i mí Feabhra 2017. 

Tá grúpa bunaithe ag daoine i gCorcaigh chun cur in aghaidh sráidainmneacha in onóir Victoria. Maíonn siad gur masla amach is amach é do dhaoine a bhasaigh sa Ghorta Mór ómós mar seo a thabhairt di.