Dúirt dlíodóirí duine den bheirt bhuachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel go bhfuil teaghlach an bhuachalla tar éis dul i bhfolach mar gheall ar ábhar a foilsíodh ar líne. 

Dúirt an t-abhcóide sinsearach Damien Colgan gur iarr muintir an bhuachalla air dul chuig éisteacht sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu agus inseacht don chúirt go raibh orthu dul i bhfolach de bharr a raibh foilsithe ar líne. Muintir Bhuachall B - mar a thugtar air - atá i gceist. 

Dúradh go bhfuil pictiúir den bheirt bhuachaillí ar chuntais Twitter i gcónaí agus go raibh bagairtí theaghlaigh na beirte iontu freisin. Dúradh chomh maith go bhfuil pictiúr de bhuachaill eile fós nach raibh aon bhaint aige leis an dúnmharú i measc na bpictiúr sna cuntais Twitter sin.

Bhí éisteacht ar bun sa chúirt faoi na horduithe atá lorgtha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir leis an ábhar ar líne. 

Inné, d'ordaigh an chúirt do na meáin shóisialta Facebook agus Twitter aon ghrianghraif nó ábhar eile a thabharfadh le fios cé hiad na buachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel a bhaint anuas.