Tá tuairisc curtha ag an gCoimisiún Eorpach chuig ballstáit an Aontais Eorpaigh ag déanamh cur síos ar na gnéithe éagsúla den chomhoibriú thuaidh-theas a bhféadfaí cur as dóibh nuair a imeos an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Leagtar amach sa cháipéis atá feicthe ag RTÉ an chaoi a dtángthas ar an moladh faoi chúlstad sa tír seo san idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus oifigigh an Aontais Eorpaigh. 

Caitear amhras sa tuairisc ar an moladh go bhféadfadh teicneolaíocht réiteach a fháil ar cheist na teorann mar, a deirtear inti, go bhfuil an oiread sin idirghníomhaíochtaí casta ar bun nach bhfuil sé d'achmainn ag an teicneolaíocht dul i ngleic leo. 

Tá an Taoiseach Leo Varadkar i láthair ag cruinniú mullaigh dhá lá ar cuireadh tús leis sa Bhruiséil tráthnóna. Bhí cruinniú aige roimhe ré le príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier.