Tá an stailc a bhí beartaithe ag 10,000 oibrí tacaíochta sláinte amárach curtha ar athló. 

D'fhógair an ceardchumann SIPTU go bhfuil an stailc curtha ar athló le deis a thabhairt d'ionadaithe na n-oibrithe agus lucht na bainistíochta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dul i mbun cainteanna réitigh.

Cuirfear tús leis na cainteanna sin amárach.  

Tá aighneas idir na hoibrithe agus an bhainistíocht mar gheall nach bhfuil ardú pá €3,000 a bhí molta arú anuraidh faighte ag na hoibrithe fós.

Sa Dáil inniu, mhaígh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur dheimhnigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go raibh siad ag cuimhneamh gan an t-ardú pá a íoc leis na hoibrithe go dtí 2021 agus chuir sé i leith an Rialtais go raibh an cás á chur ar an méar fhada acu.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an Rialtas sásta comhoibriú leis na ceardchumainn sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus sa Chúirt Oibreachais féachaint le teacht ar réiteach.