Dúradh ag coiste cróinéara i gCill Airne, Co Chiarraí, gur timpiste ba chúis le bás lánúine as Meiriceá a maraíodh nuair a d'imigh an capall agus an carr a raibh an lánúin istigh inti den bhóthar agus síos le fána i mBearna an Choimín in Aibreán anuraidh.

Tugadh le fios ag an gcoiste cróinéara go raibh an lánúin, Roslyn Joy Few, 64 bliain d'aois agus Normand La Rose, 62 bliain, agus ceathrar eile dá muintir ar saoire in Éirinn as Phoenix, Arizona nuair a tharla an timpiste.

Thug saineolaí fóiréinsice ón nGarda Síochána le fios gurbh fhearr dá mbeadh bacainn sábháilteachta curtha san áit ar an mbóthar a ndeachaigh an carr le fána. Dúirt sé freisin gurbh fhearr fós dá mbeadh coscáin ar an gcarráiste.

Mhol an giúiré inniu go gcuirfí bacainn sábháilteachta ar an bpíosa sin den bhóthar inar tharla an timpiste.