Tá ocht mbliana príosúin gearrtha ar fhear 27 bliain d'aois a phléadáil ciontach i ndúnorgain Graham Tobin nuair a bhuail sé d'aon dorn amháin é i gCo Mhuineacháin anuraidh.

D'admhaigh Francis Hughes as Eoroim i mBaile na Lorgan gur bhuail sé Graham Tobin de dhorn i dteach agus roinnt daoine tagtha le chéile ann le breathnú ar cheann de bhabhtaí troda Conor McGregor ar an teilifís.

Dúirt an Breitheamh John Aylmer gur ionsaí thar a bheith tromchúiseach gan údar ar bith leis a rinneadh ar Graham Tobin.