Tá ordú tugtha ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil do na meáin shóisialta Facebook agus Twitter aon ghrianghraif nó ábhar eile a thabharfadh le fios cé hiad na buachaillí a ciontaíodh inné i ndúnmharú Ana Kriégel a bhaint anuas.

Dúirt an Breitheamh Michael White go mbeadh an tAcht Leanaí agus orduithe cúirte á sárú ag aon dream a d'fhoilseodh aon ní a d'fhéadfadh na buachaillí a aithint.

Dlíodóir an ionchúisimh Brendan Grehan a chuir an t-iarratas os comhair na cúirte tar éis do dhlíodóirí duine de na buachaillí aird a tharraingt ar an scéal. 

Is féidir leis an gCúirt Dúiche bliain sa phríosún agus fíneáil €1,500 a ghearradh ar aon duine a sháraíonn na dlíthe faoi leanaí a aithint. Is féidir le cúirt níos airde trí bliana sa phríosún agus fíneáil €10,000 a ghearradh ar dhaoine.