Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil go bhfuil sábháilteacht daoine óga ar líne ina húdar mór imní ag an Rialtas.

Dúirt sé go bhfuil beartais nua sábháilteachta á scrúdú ag an Rialtas ó tháinig sé chun solais go bhfuarthas ábhar porngrafaíochta ar fhón duine den bheirt bhuachaillí a ciontaíodh inné i ndúnmharú an chailín scoile, Ana Kriégel.

Tharraing ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin aird ar an gceist le linn Cheisteanna na gCeannairí inniu.

D'fhiafraigh sé den Taoiseach an scrúdódh an Rialtas an córas nua atá le tabhairt isteach sa Bhreatain chun aois daoine a dheimhniú agus iad ag iarraidh ábhar pornagrafaíochta a cheadú ar líne. 

Ghlac an Taoiseach leis gur cheart don Rialtas eiseamláir na Breataine a scrúdú mar a bhí molta ag Brendan Howlin agus dúirt sé go mbeadh cód faoi shábháilteacht ar líne sa bhille nua atá á mholadh ag an Rialtas.

Cuirfear cosc dlíthiúil ar bhulaíocht ar líne agus ar ábhar a chuireann féindochar, búilime agus anoireicse chun cinn, a dúirt sé. 

Dúirt sé freisin go gceapfar Coimisinéir um Shábháilteacht Ar Líne leis na rialacha seo a chur i bhfeidhm

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nár mhór oifig an choimisnéara sin a bhunú gan mhoill, go háirithe i bhfianaise chás dúnmharaithe Ana Kriégel.